The Avondhu

CÚPLA FOCAL

LE EILÍS UI BHRIAIN

BREITHEAMH OBANN, CEART COTHROM AN T-ÉAG....

Ghoill brón agus cathú go doimhin orm nuair a chuala mé an nuacht go raibh seanchara na Gaeilge, Pádraig Ó Muircheadha ó Araglin imithe ar shlí na fírinne uainn. Bhí brón orm toisc gur Gaeilgeoir dílis, díograiseach é an fear seo x chabhraigh go mór chun an cúpla focal a chur ar aghaidh i gceantar Fhearmaí agus is iomaí uair a chaitheamar I dteannta a chéile sa chiorcal ag pleanáil is ag plé le ceisteanna na Gaeilge. Bhí cathú orm toisc nár bhuail mé le Pádraig de bharr srianta Covid agus araile le fada an lá, an locht ormsa faoi sin.

Bhí blas na seanghaeilge aige agus ghlac sé páirt I ngach aon chomóradh agus ócáidí gaelacha a bhí eagraithe againn, mar shampla Comóradh faoi laoch áitiúil eile na Gaeilge, Pádraig O Braoin. Bhí Pádraig ón chiorcal ana ghníomhach agus bródúil as bheith mar thiománaí, mar threoraí oillte do Mhaidnc Dáinín Ó Sé ó Ghaeltacht Chiarraí nuair a thugamar cuireadh don údar seo (A Thig ná Tit Orm) teacht chun labhairt le ranganna Ardteiste anseo, I nGleann Maghair agus Eochaill. Bhí Maidhc ana cheanúil ar “fhear an Taxi” mar a ghlaoigh sé ar Phádraig agus bhí ana chuid scéalta greannmhara á roinnt idir an bheirt acu ag taisteal le chéile agus i dteach Nuala’s ag ól tae!! Táimíd ag smaoineamh ar a mhac dhílis, Seán atá uaigneach ina éagmais agus an clann uile.

Bí ar do shuaimhneas anois a Phádraig I gCiorcal Dé ag spalpadh na Gaeilge agus gan dabht, beidh comhluadar cainteach, fíorghaelach bailithe timpeall ort.

ENTERTAINMENT

en-ie

2021-09-23T07:00:00.0000000Z

2021-09-23T07:00:00.0000000Z

https://avondhu.pressreader.com/article/282291028377181

The Avondhu (Ireland)