The Avondhu

CÚPLA FOCAL

NOVAK (GAN VAC!) GAN CHOINSIAS...

Níl aon nuachtán gan chinnlínte faoi chúrsaí leadóige faoi láthair agus gan dabht tá an ruaille buaille go léir ag goilliúint ar thabhacht agus aoibhneas an Chomórtais Oscailte na hAstraile mar bíonn lucht leanúna an Spóirt sin ag súil go mór leis an ócáid iontach. Cuirimíd an cheist; cad a bheidh mar thoradh an ruda go léir ag deireach na conspóide, an mbeidh an bua ag cumhacht Dlíodóra luachmhara atá ag troid ar son Novak nó an mbeidh an ráiteas cinnteach, láidir ag Aire Stáitse Inimirce atá ag iarraidh deileáil le stáid Covid faoi láthair sa Astráil. Ní thuigim meon agus réasún na ndaoine mar an Réalt leadóige sin ag réabhadh ar aghaidh glan i gcoinne na rialacha gan tuairm faoi bheatha agus sláinte an phobail ach iad dírithe ar cheann sprice amháin, an Corn Domhanda a bheith ina ngleic acu, beag beann ar rud ar bith eile.

Bhuel, tá fadhbanna ag Ceannairí na hAstráile cinnte ach tá fadhbanna ag Bord Bainistíochta CLG (GAA) chomh maith ós rud é gur bhuaigh iománaithe Chiarraí don chead uair ar Thiobrad Árann, ach ní raibh fhios againn go raibh trúir ó Luimneach ag imirt ar fhoireann Chiarraí! A Mhuire Mháthar! Conas san in ainm Dé cloisim thú a rá? Caithfidh mé glaoch a chur ar Micheál Healy Rae nó Danny faoi sin, mar gan dabht tá freagra na ceiste sin ag an mbeirt fhear chliste sin!

PRIMARY PLAYGROUND

en-ie

2022-01-13T08:00:00.0000000Z

2022-01-13T08:00:00.0000000Z

https://avondhu.pressreader.com/article/282909503883042

The Avondhu (Ireland)